Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 125
- XML “Scéal fá Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul - Fá OisínCá'n fhuair Oisín ariamh a sháith le hithe fhad's bhí sé ag Pádraic agus deireadh sé le Pádraic i dtólaimh go bhfaca sé measgan ime ag a mháthair níos mó ná an mart a ba mhó a mhairbhfeadh Pádraic agus go bhfaca sé caor-chaorthain ní badh mhó ná an mheasgan ime a deanfadh an cailín,
Lá amhain d'iarr sé ar Phádraic é leigint a sheilg leis an bhuachaill. Dubhairt Pádraic go leigfeadh da dtuirbhradh sé gealltanas do go dtabhairfeadh se na bhaile slán é. D'imthigh siad leo agus nior stad go dtainic siad fhad le beinn leic, agus chuir Oisín ceist ar an bhuachaill an raibh siad ag beinn leic ar bith. Dubhairt an buachaill go raibh. Chuir Oisín a lamh siar faoí an leic agus tharraing aníar fídeóg. Shéid sé an fhídeóg agus chuir ceist ar an bhuachaill an bhfaca sé a dhath ag teacht. Dubhairt an buachjaill go raibh toirt mór ar shiubhal a bhfad uatha. Shéid sé arais í agus d'fiafruigh dó'n bhuachaill an bhfaca sé a' dhath a'teacht. Dubhairt an buachaill go raibh an toirt a'teacht ní ba deise daobhtha anois. Shéid sé an fhídeóg an tríomhadh huair agus chuir ceist an bhfeiceann sé a dhath a'teacht. Dubhairt an buachaill go raibh an toirt ag teacht i neas daobhtha anois. Chuir sé ceist goidé bhí an cú a dheánamh. Dubhairt an buachaill nach raibh a'n ribe fionnaidh ar a corp(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Áine Ní Fhuaruisge
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann