School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 156
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cruadhtan
Cailleadh long cogaidh de chuid na Sasan-" An Wasp" ar an cheann thiar de Thoraigh ins an bhliadhain1884 agus ní thainig slán acht fíor-bheagan as a raibh ar bórd. Le muinntur an oileáin a chuir as seilbh, nó de réir dreama eile, le muinntir Inis Trágha Thall a dhíbirt, a thug an bealach í.
Thainig cuirp na máirnéalach fá thír agus tá cuid aca adhlacaidhthe ar an Bhun Bheag i bparóiste Gaoth Dobhair, agus tá cuid eile aca adhlacaidhthe ins an roilig ghallda i gCill Ulta uachtarach i gCloich-Cheann-FhaolaidhTá tamall bliadhanta ó shóin ar an 18adh Mheitheamh 1929 cailleadh bád iasgaireachta taobh amuigh de Oileán Thoraíghe. Cailleadh triúr nó cheathrar iasgairí bochta. Bhí fear amháin de'n fhuireann ag snámh ins an uisge ar feadh an uair deág. Tharla go dtainig bád nó long de chuid Albna an bealach agus tugadh ar bórd an fear seo.
Ní raibh fhios cé é agus cuireadh i dtír é ag Port-Rúis, agus indiaidh tamall thainig sé na bhaile.
Fuarthas na h-eangachaí iasgaireachta istigh ar an tráigh ag Baile Lifean comhgarach de Bhun Cranaigh.