School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 23

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 23

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 23
  3. XML “Garbh Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go gcureadh sé ar an luing iad. Bhí fear ann agus ní raibh sé mór leo. 'Sé an taimn a bhí air Cúchulainn. Smaointigh sé nach leigfeadh sé leis iad; go mbéadh sé ábalta ag an fhear mhór. Chuaidh sé síos roimhe agus dubhairt. " Bhí sin againn fear beag, maoin Ultaigh b'olc é féin , ba olc a mhuinntear, ba olc a dtainic roimhe agus na dhiaidh; leatsa thar sáile ní leigfeadh sé mac ríogh gan cabhrugadh". Deir an Garbh Mór " Is mór an mhaith damhsa bheith a'troid leis an iomad sluagh, da bhfuighthea thusa mó bhuaidh a Chúchulainn na gcolg nimhe".
    "Ó mó lá-sa amach" a deir Cúchulainn, "cá bhíonn tú mór ná is tú thug an móide nach raibh glic, go dtabhairfea leat thar sáile fianna Éireann 'nonn na Tuirc"
    Bhí an chomhrac 'na suidhe annsin. Naoí noidhche agus naoí lá a chaith an dís a'troid ar iomaire an áigh, agus ar an naomhadh lá rinn Cúchulainn dha chuid de sciath chosanta an Ghairbh Mhóir. Deir an Garbh, " Nach truagh mise anocht gan sciath agam le mé féin a chosnadh. Teicheadh soir na teicheadh siar ní dheanfaidh mé é." Deir Cúchulainn " teiceadh ní leigfinn duit a dheanamh dá mían leat, ná is mise an Chúchulainn bheag teann a sgarfas le mo chlaidheamh do ghléire ceann" Chaith Cúchulainn uaidh annsin a sgiath chosanta 's'aige féin ar eagla's go mbéadh sé le rádh gur mhairbh sé go mí-éágcóireach é. Steall sé an ceann de annsin, agus léim isteach idir an cholainn agus an ceann, ná dá dtéigheadh an ceann ar an cholainn ní raibh oiread fianna in Éirinn a's bhainfeadh dó arís é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Fhíornuisge
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall