School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 25

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 25

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 25
  3. XML “An Mac Ba Ghlice”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt an chead fhear " Mise is sinne" " Nín tú" deir an dara fear, " acht mise is sinne" "Ní'n tú" deir an tríomhadh fear " acht mise is sinne",
    Chuir sé ceist ar an chead fhear caidé an aois a bhí aige. Dubhairt sé nuair a bhí sé na stócach gur cheannuigh áthair lasta luinge de mheanaidhthe do nach dtug sé cheann ar iasacht do a'n duine, nár chaith sé uaidh a'n cheann agus go raibh an ceann deireannach aige anois. Chuir sé ceist ar an dara fear caidé'n aois a bhí aige san. Dubhairt se gur cheannuigh áthair lasta luinge de ghloinní amhairc do, nach dtug sé a'n cheann ar iasacht do a'n duine ariamh nár chaith sé uaidh a'n cheann agus go raibh an ceann deireannach aige anois. Chuir se ceist ar an tríomhadh fear caidé an aois a bhí aige san. Dubhairt sé nuair a bhí sé na stócach gur cheannuigh athair lasta luinge de rásúir do; nach dtug sé cheann ar iasacht do a'n duine ariamh, nár chaith sé uaidh a'n cheann agus go raibh an ceann deireannach aige anois.
    Chuir sé ceist ortha annsin cá aca ba ghaiste. " Mise is gaiste" ars a chead fear. " Ní'n tú" deir an dara fear "acht mise is gaiste" "Ní'n tú" arsa 'n tríomhadh fear " acht mise is gaiste" Chuir se ceist ar an chead fhear caidé am ghaisteacht a bhí ann san. Dubhairt sé " Dá mbiodh sgiobol annsin agus naoi ndoras air agus é lán préachán choinneochadh sé istigh iad agus ní leigfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    null
    Gender
    Male