School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 54](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_54.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 54
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 54
- XML “An Rógaire Bacach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An bhean a'cainnt:
" Dá mbéinnse a'tabhairt áird ar rógairí bacaigh ní bhéadh greim ná deoch istigh i mo theach agam. Ach tá mise a'tabhairt fuagra duit mar mbéidh tú imthighthe ó mó dhoras-sa go beo tapaigh go leagfa mise an maide go trom tairbheach trasna an droma ort".
An Bacach:
" Tráth de'n t-saoghal chleacht mise mór chuid óir a's airgid, tighthe móra caiple fiadhach agus neart nó bainne, gabhair gheala, acht thainic an mio-adh mór anuas faoí mhullach mó thighe, agus d'fág sin 'mo bhacach mé go deireadh mo shaoghail".
( Is fíor bheag an áird a bhí bean a'tighe tabhairt ar a ghlóir mar bhí sí tinn, tuirseach de lucht an bhothair)
Do labhair an bacach aríst mar seo:-
In ainm a's in onóir Eanda a's mac dara, a bheannuigh Árainn agus Conamára, ná bí comh beag truaigheach sin do'n bhacach. In ainm agus in onóir Pheadair an chead Phápa, atá i na árd naomh anois ar dheisláimh Dé, rí na ngrásta, ná leig ó'n doras mé gan síneadh láimhe.
Tabhair damh cáca aráin nó prionta ime, pláta fataí nó gé breágh reamhar, stropa éisg nó buideal bainne, péire cearc nó péire lachan, báinín bán ó mo chnáma lá'n tseaca."(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Domhnaill
- Gender
- Male