Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach gabh anuas annseo a chréatúir bhoicht no tá mé cinnte go bhfuil tú fuar, fliuch, ocrach, agus gheóbhaidh tú braon brot a théifeas thú”. Anuas leis an créatúr agus chomh luath agus fuair an madadh ruadh taobh istuigh de’n doras í, dhruid sé amach an doras agus dubhairt léithe - “Cé aca i bhfeárr leat mé do shlugadh no do chognadh”? Bfeárr liom tú mo shlugadh arsa’n gabhairín curcach bocht agus d’fosgal sé a bheul agus shlug sé síar í.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, smaoitigh sí ar mhiodóg a bhí ann a póca agus bhí sí ag tochartadh ariamh no go bhfuair sí greim air. Thóg sí ‘na laimh í agus rois anuas an mhadadh ruadh ó bhun a sgeadamáin go dtí a ruball agus amach leis an iomlán dearg ar an urlár. Nigh sí agus ghlan si iad agus shuidh siad síos agus d’ól an bhrat té a bhí thoigh’n mhadaidh ruaidh agus ní tháinig mac - tire no madadh ruadh orthú o sin amach.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall