School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach gabh anuas annseo a chréatúir bhoicht no tá mé cinnte go bhfuil tú fuar, fliuch, ocrach, agus gheóbhaidh tú braon brot a théifeas thú”. Anuas leis an créatúr agus chomh luath agus fuair an madadh ruadh taobh istuigh de’n doras í, dhruid sé amach an doras agus dubhairt léithe - “Cé aca i bhfeárr leat mé do shlugadh no do chognadh”? Bfeárr liom tú mo shlugadh arsa’n gabhairín curcach bocht agus d’fosgal sé a bheul agus shlug sé síar í.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, smaoitigh sí ar mhiodóg a bhí ann a póca agus bhí sí ag tochartadh ariamh no go bhfuair sí greim air. Thóg sí ‘na laimh í agus rois anuas an mhadadh ruadh ó bhun a sgeadamáin go dtí a ruball agus amach leis an iomlán dearg ar an urlár. Nigh sí agus ghlan si iad agus shuidh siad síos agus d’ól an bhrat té a bhí thoigh’n mhadaidh ruaidh agus ní tháinig mac - tire no madadh ruadh orthú o sin amach.- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 31
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal