Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 136
- XML “Scéalta fá Mhurchadh Beag agus Murchadh Mór - Poll Tí Liabáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mo shean-mathair a mairbh tusa orm. “Caithfidh mise mo sean-mathair a marbha fosta”. An oidhche sin mairbh sé í agus tug leis an aonaigh. Connaic na saighduiré é agus tobar gur cuireadh na phríosun é. Nuair a thainig sé abhaile bhí fearg mhór ar agus dubhairt sé le Murcadh Beag. “Is fada súl agam tú a marbha agus deanfaidh mé anois é”. “Maith go leor” arsa Murcadh Beag” Cur sé isteach í mála é ar sgór a cathadh le Poll- tighe liabain. Ar an bhealach b’eigean do Mhurcadh Mór a gabhail isteach le lásog a chur ar a phíopa Fad agus bhí sé ar siubhal bhí Murcadh Beag ag ceól. Tháinig fear - caorach tart agus bhí iongantas mór ar fan cheol bhinn. D’iafruigh sé cé a bhí istigh san mála. Ó arsa Murcadh B. neach boct ata ag gabhail go Flaithis Dé. Ó arsan fear nach meunra duit. “bal” tig liomsa a gabhail lá ar bith is toil liom é arsa Murcadh B. “An leigtea mise na flaithis”? agus bearfaidh mé an cúig céad caora seo duit. Leigfidh cinnte arsa Murcadh B. ma gearras tú an sraugan seo. Ghéarr an fear an ropa agus tháinig Murcadh B. amach is chur an fear mór san mhála. Anois arsa Murcadh B. is Cuma caide an cheist a cuitear ort na labhar is do ceann no ní racfaidh tú na Flaitis. Siubhal Murcadh M.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80