Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 135
- XML “Scéalta fá Mhurchadh Beag agus Murchadh Mór - Poll Tí Liabáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig Murchadh M. a bhaile agus dubhairt sé le Murcadh Beag go mairbhfeadh sé é. An oidhche sin d’iarr Murchadh Beag ar a mháthair a leabaidh a arrthughadh leis agus rinne sí amhlaidh.
Tháinig Murcadh Mór san oidhce agus tuagh leis agus ghearr sé an chloigeann d’en sean-mhathair Murcaidh Bhig agus d’imtigh abaile. Lá-thar-na bhárach bhí seilg le gabhail an bealach agus coirigh Murcadh Beag a shean mathair amuigh í lár a bhealaigh. Chuir sé dhá bhata croise faoi na h-asceul agus d’fág na seasamh í mar bhéadh sí beo. Tháinig an t-seilg. Sgairt an chead mharcach chuicí an bealach fhágail ach níor bhog sí. Shíl sé gur bodhar a bhí sí agus thug sé iarraidh ghabhail. Tart léithe, ach bhuail cos an bheidhitigh ceann de ‘na bataí agus anuas léithí agus an tseilg na mullach. Sgairt Murcadh Beag agus dubhairt “Ó tá mo shean-mathair marbh agus bheárfaidh mó go dtí an chuairt tú”. “O na tug” arsa an tiomanaidhe “agus bhearfaidh mé cuig míle ginib buidhe oir duit”. “Maith go leor arsa Murcadh Beag”.
Ar maidin lá-tar-na-bharac nuair a musgail Murcadh Mór connaic sé Murcadh Beag ag cunntas an óir. “Cé thug an t-ór sin duit arsa Murcadh Mór”? “Fuair mé sin ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cathal Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80