Scoil: Cnoc Sacsan (uimhir rolla 16024)
- Suíomh:
- Cnoc Sacsan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean scoil i nDhoire an Fhiaidh san t sean-aimsire in aice le teach Muinntir Mhic Eóin. Teach mór fada fairsing a bhí ann mar tá sé le feiceál fós ach is stabla anois é. Níl a fhios ag Bean Mhic Éoin an scoil cois chlaidhe a bhí uinti nó nac cadh no caide a raibh sí ar siubhal ach ar cuma ar bith adeirtear gur tháinic fear óg darbh ainm "Ansboro" an bealach is gur chuir sé faoi sa gceanntar is gur thoisig sé ag dul ó theach go teach ag teagasc na ndaoine óg. Thóg muinntir na h-áite scoil do ach i gceann cúpla bliain d'imthigh sé go Croc Sacsan is adeirtear go raibh easaontas eicint idir é féin agus an fear a mba leis an talamh gur tóigeadh ans coil uirthi.
Tá sé i gceist nár thainic oide ar bith eile tar éis imtheacht do Mhac Uí Ansbora ata scascadh bliain ann anois.- Bailitheoir
- Brighid Nic Niocláis
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Eoin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann