Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobair Beannuighthe
Cá mhéid tobar beannughthe sa parroíste?
Tá dhá thobar beannuighthe sa parroíste seo.
Cá bhfuil gach ceann acu?
Tá ceann acu in Eas-Fionnán ag taobh Baile-na-Bó agus tá an ceann eile thiar air an Árdaigh- Bheag ag taobh Gort-a-Choirce.
Cad é an t-ainm ata ortha?
Eas-Fionnáin an t-ainm atá ar cheann amháin acu agus tobar Colmcille an t-ainm atá ar an cheann eile.
An dtugann daoiní cuairt ortha?
Tugann cuid mhór daoiní cuairt ortha ins an t-Samhradh.
Cad iad na laethe?
Siad seo na laethe Lá Fhéile Muire an cuígeadh lá déag de Ludhghnasa a théigheann siad go h-Eas Fionnáin.
An mbíonn turas ann?
Bíonn turas ann.
Caidé na paidreacha a deirtear?
Deirtear paidreacha air bith is maith leat a rádh.
An dtabhaireann daoine cuirt air?
Bhéarann cuid mhór daoine cuairt air go minic.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Dhúbhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Easa, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní Dhubhgáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Seoladh
- Baile an Easa, Co. Dhún na nGall