Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 254
- XML “Cáfraith”
- XML “Seanphisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bruitthear iad agus nuair a bíonn siad ag bruith cuirtear salann ortha Nuair a bíonn siad bruitthe, fagthar iad le h-éirig fuar. Cuirtear bainne ortha annsin, agus bíonn siad deas le h-ithe.
- Sean - Pisreógaí.Tá mórán sean - pisreógaí beo go foill. Creideann cuid de na daoiní (ionnta) iad, agus ní creideann daoiní eile (ionnta) iad. Seo sean - pisreógaí atá céadthaí bliana sean.
Nuair a leagtar an t-eadach - soiteach deirtear go bhfuil strainsear ag teacht ‘un toighe
Nuair a bíonn an madadh ag tafainn, agus ag briongloidigh deirtear go bhfuil strainsear ag teacht.
Dá mbeadh tochas i láimh clé (de) dhuine, deirtear go bhfuil sé ag dul fhágail airgead. Dá mbeadh tochas ins an láimh dheas deirtear go bhfuil sé ag dul a fhághail craitheadh lámh.
Nuair a bíonn an cluas dheas dearg agus d’á dhághad, deirtear go bhfuil daoiní ag cainnt droc - rudaí fa’n duine sin. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)