Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_157.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 157
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eigin ag cur eagla air no bfeidir go bhfaca se rud inteacht. Tháinic eagla ar an bheirt againn, agus conbuigh me feín súil gearr ann mo cheann. Tháinic an smaointeadh chugam fosta gurbh e seo an áit a rabh taidhbhse Conyngham a bheith le feiceal agus leóga bhí eagla an-throm orm. I ndiaidh moran bhlandair shiubhal an capall leis ar ais acht go deiridh nuair a bhí muid os choinne geafta an teampall gallda stad an capall agus ní racadh sé coisceim níos fuide. Chuir sé a dhá cluais i n-airde agus thoisigh sé ag leigint achan scranfaigh as. Bhí an creatuir a dtolamh ag amharc ar gheafta an teampall, agus ins an deireadh thoisigh sé ag dul ar chul, "tá rud eigin cearr" arsa m'fhear liom feín, acht char dhubhairt mé a dhath. Bhí mé ag amharc go direach ar gheaftar an theampaill ghallda. Bhí an geafta druidte. Nuair a bhí mé tamall ag amharc chonnaic an fear mór ag teacht amach as an teampall. Shiubhal se caol díreach amach fríd an geafta gidh go rabh sé druidthe agus shiubhal sé go díreach annsairinn. Fear mór árd a bhí ann. Bhí eadaigh dhuibh air agus h-ata mór árd ar a cheann. Bhí a chota fosgailte síos agus bhí líne bhreágh bán air. Bhí an capall ag dul ar mhire orainn, agus h-obair gur thuit Aodh as an dhiallaidh. Bhí sé comh lag sin leis an scaraifte a fuair se cha rabh se ábalta a labhairt. "Go cuididh Dia linn" arsa mise liom féin, "Caidé deanfas muid?" Tháinic misneach chugam air an bomaite. Choisreach mé fhéin agus arsa mise leis an taidhbhse, agus dubhairt me, "Ann ainm(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Shuibhne
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann