Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)De, cibé rud atá annat, gabh arais chuig an áit a tháinic tú as gan docar a dheanamh ar rud ar bith ann ainm an t-Athair,agus an Mhic agus an Spirid Naomh, Amén.Stad an fear mór dubh ar an bhomaite, thuintigh se agus phill sé arais fríd an gheafta agus dimthigh sé as amharc cosamhail le splannca soilse. Dimthigh an capall leis comh tuith as bhí an fear mór as amharc, agus char stad muid go rabh muid na bhaile bordaig ag a trí a clog ar máidin agus ca rabh muid againn feín go ceann mhíosa."Agus sé sin an sgéal a d'innis sean Mháire nic Shuibhne fa dtaobh da Thaidhbhse Conyngham.
* * *
Rith na bliadhna síos ó aimsear Mháire chonnaic corr duine anois agus arais an fear mór sin ag an áit ceadna agus cosamhail le achan duine a innseas sgéal maith ar feín chonaic mé féin e oidhche amháin. Tá cuimhne mhaith agam ar an oidhche sin. Tá sé bordaigh ar chuig bliadhain deag anois ó chonnaic mé é. Oidhche Sathrain i mí Deireadh an Fhoghmhair a bhí ann - oidhche comh deas agus chonnaic duine ariamh.Bhí m'athair tinn ag an am agus tháinic se ann mo ceann go dteacaidh mé síos go bhfacidh me caidéan dóigh a rabh se. Bhí mo rothar as ordú agus ní rabh na gleústain ro fhlúirseach ag an am sin. Bhí seacht míle agam le siubhail acht char shaoil me moran de cionnus go rabh me breágh gasta agus go rabh an beallach mór glan, tirim. D'fág me mo theach féin ag leath i ndiaidh an seacht, shiubhal me ar mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Shuibhne
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann