Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 159](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_159.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 159
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shuaimneas agus i gcionn uaire no mar sin shroich me mé beallach Conyngham. Níor chualaidh mé a dhath acht mar sin féin thainic seort eagla orm nuair a bhí me ag teacht comhgarac le Teampall gallda Bhaile Mór. Cinnte go leor nuair a bhí mé os choinne geafta an teampaill, chonnaic me an fear mór ard ag teacht amac as an Teampall. Bhí an eadac dubh, an hata mór ard, agus an léine bán air go díreach agus chonnaic Máire Nic Shuihne é céad bliadian roimhe sin.Amach fríd an geafta leis agus shiubhail se caol direach annsrom (?) féin. Stad mé agus d'amharc mé air go gearr. Níl mé ag dul a radh nach rabh eagla orm. Bhí eagla mo chorp orm acht mar sin féin smaointeadh mé ar an rud a rinne an bhean, agus arsa mise, "Cibé rud atá annat ann ainm Dé gabh arais go dtí an áit a tháinic tú as gan docar a dheanamh ar dhuine ar bith an ainm an t-athair, agus an mhic agus an Spirid Naomh, Amen. Ag an am ceadna coisreach mé mé féin. Stad an fear ar an bhomaite. Ni rabh sé níos mó no deich slata uaim agus thug me amharc maith air. Fear níos mó na sé troighthe i n-airde a bhí ann, agus trom do reir sin, acht ní rabh aghaidh ar bhith a bheith le feiceal air. Bhí se gan súile, gan sron, gan béal. Cha rabh a dhath a bheith le feiceal acht spota mór dubh. Sheas sé annsin mar a bhí sé ag amharc orm. Annsin coisreach mé mé-féin arais agus d'imthigh sé as m'amharc.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Shuibhne
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann