Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 190](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_190.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 190
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 190
- XML “Na Daoine Gortacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a lamhalbh go rabh se síos i gcluadaigh na mona, ann áit a rabh an madadh na luighe. Thug sé an madadh agus cur sé é na luighe ar an sraideóg agus chuir sé an plainnceadh go deas thart fa dtaobh dó. Sciord sé é-feín síos go cluadaigh na mona arais agus luighe sé annsin comh socar le rud ar bith.Ní rabh sé a bhfad na luighe nuair a chualaidh sé an fear ag éirigh as an leabaidh. Síos leis comh ciuin le luchoíg go cúl an dorais. Thóg sé an t-órd agus bhuail sé trí buille móra síos ar an mhadadh bhocht. Níor leig an madadh oiread agus gcaein amháin as. Shín sé e-feín san choinreál agus fuair sé bás. Chuaidh an fear na luighe arais agus nuair a bhí se ag dul isteach san leabaidh, dubhairt sé leis-feín. "Cuirfidh me geall go gcuirfidh sin múnadh ort"
"Caidé rinne tú?" ars'an bhean.
"Thug me cupla buille do'n rogaire sin, san choirneál," ars' an fear.
Thoisigh an bhean ag caoineadh agus dubhairt sé, "Mharbhuigh tú é, agus crocfear muid uilig anois"
"Arú! beid ciall agat," ars an fear, "áit uaigneach i gceart an áit seo, agus nuair a éirigheann sé geall ar maidín tig linn é a chur áit éigen-teacht giota maith ar shiubhail as seo agus sin uilig fa dtaobh dó."D'éirigh achan rud ciuin socar annsin, agus nuair a fuair sé gach rud maith go leor tháinic m'oganach agus thug sé leis an madadh agus chuir sé é na luighe arais i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- Doire Fada, Co. Dhún na nGall