Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal. Colm Cille a’s na n-iasgairí.Bhí Colmcille ag siubhail lá amháin agus tháinig sé fhad le fir a bhí ag iasgaireacht ag an leacach.
D’fiafruigh sé dó’n chéad muintéar a casadh air an rabh siad ag fághail mórán. Dubhairt siad go bréagach nach raibh. Dubhairt Colm Cille annsin. “Mar bhfuil sibh ag fághail go bhfuigh sibh agus ma ta sibh ag fághail nach bhfuigh. Siubhail se leis annsin go dtí go dtáinig sé fhad le cuid Gallchóbhairí an Tuam. D’fiafruigh sé dóbhtha-san an rabh siad ag fághail an ceann. Dubhairt siad-san go rabh agus thosuigh siad ag ránn leis. Thug se an-bhuidheachas mhór dóbhtha agus dubhairt sé leobhtha “Béidh sibh féin agus an treabh do mar dteaghlach a thiocfas mar ndiaidh ag gnothugadh ar an iasgaireacht go deo”.
Agus b’fhior é. Tá siad ag gnóthughadh air riamh ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhuidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glengillagrana High, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann