Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 14
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúpla lá roimh an Nodlaig ins an bhliadhain 1894 bhí oidhche doineann ann. Oidhche na gaoithe móire a bheir ba daoine air nuair a bhíonn siad ag tracht air anois.
Ní fhaca siad comharthaí ar lith go rabh an doineann ag teacht ach ag am luighe d'éirigh an ghaoth agus i gcionn tamail thoisigh an tairneach agus an soillse. I n-áit socrughadh mar bhí an oidhche ag dul thart bhí sé ag éirighe níos measa agus bhí an ghaoth ag éirghe níos laidre de réir nar bhí sí ag séideadh. D'fhan sé mar sin go teacht an lae lá thar na mhárach.
Ar maidin bhí an ceann séidhte de chomhair achan teach ar an Ghleann Árd agus i gCoill. Bhí mórán crann leagtha trasna na mbealaigh móra agus bhí mórán trioblóide annsin do na daoine. Cha déarn an soillse dochar ar bith fá'n áit seo.- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall