Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 149
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí aimsire.Nuair a théidheann an corr mhonadh suas an cnoc sin comhartha go mbéidh aimsear fhluich againn agus ma théidheann sé síos na fairrge beidh aimsear thirim againn.
Ma théidheann an ghrian síos dearg béidh droch aimsear againn.
Ma bhíonn an ghaoth ag teacht ó’n taobh thoir sin comhartha go mbéidh aimsear mhaith againn agus ma bhíonn sé ag teacht o’n taobh shiar sin comhartha droch aimsire.
Ma bhíonn na creagacha ag soilsiú indiaidh ceatha sin comhartha go mbéidh cioth eile gan mhoill.
Ma bhíonn fainne i ndeas dithe ar an ghealaigh sin comhartha aimsire maithe agus ma bhíonn fainne i bhfad ar shiubhar sin droch aimsear.
Ma bhíonn ceatha ann agus an ghrian ag soilsiú ní mhairidh sé i bhfad.- Bailitheoir
- Máighréad Haimlet
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Mhic Lochlainn
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall