Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 32
- XML “Lucht Siúil san Am Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht siubhal san am fado.Bhíodh lucht siubhal ag dul thart san am fado. Bhíodh siad ag cruiniughadh airgid, uibheacha agus sean éadaigh. Bhíodh cuid aca ag diol earraí beaga. Cuid de na daoine a bhíodh ag dul thart b’iad. Col [Cippin]? agus Padraig an Ropa. Bhí bean ag dul thart ag diol eadaigh agus thug na daoine Nóra na b’piosaí eadaigh uirthí. Corr uair d’iarradh siad ar daoine iad a chongbhail rith na h-oidhche.
Chuaidh Col Cippin go teach i d-Tulach oidhche amháin agus ní rabh duine ar bith na chomhnuidhe ann ach fear amháin. Nuair a bhí siad na gcodhladh thuit ceann de na ballaí isteach agus d’fhiafruigh Col Cippin cé thog é. Dubhairt fear an toighe gur a athair a thóg é. Dubhairt Col Cippin gur mhaith leis da dtuiteadh na ballaí air fhéin.
San am i lathair.
An lucht siubhal atá ann anois bíonn siad ag cruinniughadh airgid, uibheacha agus monadh. Cuid de na daoine a bhíonn ag dul thart’ siad Tadhg Mac Fhionnghaile, Sean Ua Domhnall agus Seamús Collac. Bíonn fear ag dul thart ag díol rudaí agus sé an t-ainm atá air Ua Baoghal.
Nuair a thig siad fhad leis an doras deireann siad “go mbeannaidh Dia díobh annseo”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighréad Haimlet
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Frighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Dhún na nGall