Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 51
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is giorra cabhar Dé na an doras.
is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Dearbhráthair dó'n t-sac an mála.
Dearbhráthair dó'n bhás an codladh.
Is furust fuinneadh in aice na mine.
Ní'l fhios ag duine ar bith caidé tá sa phota nuair atá an clár air.
Ní lá na gaoithe lá na scuilb.
I ndiaidh a chéile deántar na caisleáin.
Is maol guala gan dearbhráthair.
Níor dhruid Dia doras ariamh nar fhosgail Sé ceann eile.
Má's fada an oidhche tig an lá.
Is namha an cheird gan fhoghlaim.
Ballaí fuara ghnidheas beag toighe suarach.
Is feárr éan sa láimh ná dó sa chrann.
Tig ciall leis an aois.
bíonn adharca móra ar na buaibh thar lear.
Fan a chapaill agus gheobhaidh tú coirce.
Ní'l aon dul ó'n mbás.
Ní bhíonn buaidh mhór ar bith gan conntabhairt.
Cam díreach an ród, sé an bealach mór an aithghiorra.
Na caith amach an t-uisce salach go dtabhairfeadh tú isteach an t-uisce glan.
Amharc sul a léimfidh tú.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Largantrean, Co. Dhún na nGall