Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 6

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 6

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 6
  3. XML “Fear Dhroim Miasan agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe i nDhruimeasdin uair amhain a rabh "an Rúsian" mar leasainn air. Bhí sé ag teacht 'na bhaile mall oidhche amháin, agus chonnaic sé sgaifte sidheóg astoigh i gcuibhreann.
    Tháinig siad amach agus chuir ceist air an mhaith leis oidhche mhaith spóirt a bheith aige. Dubhairt seisean gur mhaith. Chuaidh na sidheóga annsin agus tharraing achan ceann aca buachaillín buidhe do féin agus tharraing siad ceann do'n Rúsian fosta.
    Annsin thionntuigh na buachaillíní buidhe isteach 'na gcaiple agus d'iarr na sidheógaí ar an Rúsian a dhul a mharcuidheacht ar a chapall ach gan labhairt go dtiocfadh sé de airís.
    Chuaidh siad uilig a mharcuidheacht annsin. Nuair a chuaidh siad giota thoisigh an Rúsian a mholadh na gcapall. Fágadh in a sheasamh annsin é agus gan aige ach buachaillín buidhe in a láimh. Sgairt sé leis na sidheógaí seanns eile a thabhairt dó agus nach labhairfeadh se níos mó go dtiocfadh sé de'n chapall. Thuirling duine de na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ua Ceallaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall