Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chomhnuidhge i d Tuaim uair amhain darbh ainm Cathal Ua Baoighill. Bhí sé an-lúthmhar.
Cuaidh sé go Doire uair amhain fá choinne póin lín agus bhí sé arais sa bhaile, agus an líon cuirtha aige an lá céadna. Thiocfadh leis greim a choinneal an ribe ar bith ins an éach a ba lúthmhaire le fágail agus gan é a bhriseadh fhad agus bhéadh an t-éach ag rith míle.
Bhí sé thíos i Míobhuidhe ag torramh la amháin. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile bhí beirt buachaill óg leis. Bhí sé féin in a sheanduine an t-am sin. Ní rabh bealach mór ar bith ag teacht aníos mar tá anios agus bhí siad ag teacht aníos an gainimh.
Dubhairt an bheirt buachaill go b;fhiachadh siad rása 'na Ghleanna agus cé bith aca a ba deireannaigh a sroichfeadh an Gleann go mbéad aige le pionta uisce beatha a cheannacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall