School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 11
- XML “Na Daoine Beaga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an t-sean-am bhí sean-bhaintreabhach na comhnuidhe léithe fhéin sa cheanntar seo. Ní fios cáidé an t-ainm bhí uirthí ach go bhfuil an teach inba mbíodh sí na comhnuidhe go bhfuil na ballógaí le feiceal go dtí an l lá indiú. Tá na ballógaí le feiceál ar taobh an bhealaigh mhóir ó'n scoil go Crannphuirt.Lá amháín bhí sí istigh ag brughadh brúitín fa choinne a dinneara. Nuair abhí an brúitín réidh aici shuidh sí síos chun bhidh. Sul ar mhothuigh (?) sí bhí fear beag 'na sheasamh i lár an urláir agus bearrad beag dearg ar a cheann.Bheannuigh an fear beag dithe agus bheannuigh sise do. "Suidh síos agus ith cupla spunnóg de'n bhrúitín" ars an bhaintreabhach leis. "Maise gura maith agat a bhean chóir," ars an fear beag biudeach, "Íosfaidh cinnte nó is fada an lá o fuair mé spunnóg brúitín."Shuidh an bheirt síos agus thosuigh an Cómhjrádh. "Maise níl aithne agam ort," arsan bhean leis. "Tá sean-aithne agam ortsa," arsa an fear beag "agus ba chóir duitse aithne a bheith agat orm nó is mé an comharsa is comhgaraighe dá bhfuil agat." "Agus cé thusa in-ainm an Rí" arsan bhean agus cá bhfuil(continues on next page)
- Informant
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall