Scoil: Ceathramha na gCanónach (uimhir rolla 16102)

Suíomh:
Carrownaganonagh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoin Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha na gCanónach
  2. XML Leathanach 7
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    T - Caidé a bhfuil fiacla aige agus nach dtig leis ithe?
    F - Cíor

    T - Caidé a bhfuil cosa air agus nach dtig leis siubhal?
    F - Timthire Teallaigh

    T - Dhá fear mharbh ag troid, fear dall aag coimhéad, fear gan cosa ar shiubhal fa choinne na ngárdhaí, agus fear gan cainnt ag sgairtigh "Deán deifre, deán deifre."
    F - Breág

    T - Tchím é agus ní fheicim é, tchím i dtor cuilinn é, siubhlann sé an bán, agus an drúcht ní bhriseann sé
    F - Scáth an duine

    T - Barraille ar an tráigh 's a dhá cheann druidthe
    F - Ubh

    T - Caidé a chaitheas an fear bocht ar an talamh agus a chuireas an fear uasal ina phóca
    F - Sileóg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Garbhaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann