Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann timcheall fiche cúig bhliadhain o shoin d'arb ainm do Paidí Tharluigh. Bhí sé ina choinnaidhe i mBaile Úr. Bhí a dheirbhshiúr Cití ina coinnaidhe leis. Bhí Paidí an fallsa agus ní bhíodh sé ag obair ar chór ar bith. Ní chuireadh sé tuighe ar bith ar an teach agus bhíodh an teach uilig deórannaí.
Lá amháin chuaidh fear isteach chuig Pháidí agus thosaigh sé fhéin agus Phaidí a chainnt agus d'iarr an fear air cé'n fáth nach gcuireann sé tuighe ar an tigh agus dubhairt Pháidí "Nuair a bhíonn an lá go maith ní bhíonn tuighe ar bith a bhith orm agus nuair a bhíonn droch lá ann chá dtig liom toigh ar bith a chuir ar an tigh."
Lá amháin fuair Paidí chochan agus fuair Cití cor-shugán. Thosuigh Paidí ag leigheant agus thosuigh Cití ag casadh. Nuair a fuair Cití fhad leis an doras bhí an méid deorannaí annsin no shíl Cití go rabh sé cosamhail leis an fharraige. Dubhairt sí "O a Phaidí tá an fhairrge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáit Nic Fhionnlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall