Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 241
- XML “Dóiteán”
- XML “Dóiteán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall seasca bliadhain ó shoin dóigheadh teach in Arathíre a ba le Micheal Mac Giolla Cearr agus teach ceann tuighe a bhí ann. 'Sé an dóigh a dóigheadh é na chuaidh Micheal agus a bhean amach ag cuartaigheacht oidhche amháin agus d'fhág siad an chlann istigh leis an teach a choingbhailt daobhtha. Nuair a bhí siad amuigh tamall chuaidh na buachaillí amach le éanacha a chuartughadh agus thug siad aibhleog leobhtha. Chuaidh siad isteach go dtí an garrdha agus chuir siad na trí cruacha a bhí annsin ar theinidh annsin. Dóigheadh an teach go dtí an talamh agus dóigheadh gach sopóg a bhí ins na cracha fósta.
- Timcheall tríocha bliadhain ó shoin dóigheadh teach i mBaile Úr. Ba le Pádraig Ua Conghaile an teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus O Cholla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall