Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 252
- XML “Stoirm Mhór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí stoirm an mhór ann ins an bhliadhain 1839. Séideadh an mullach de na tighthe agus bhí an chuid cocáin i na luighe ingach áit a rabh teach ann. Bhí an méid cocáin i na luighe ar an bhealach mhór na cha dtug le an duine shiubhal air. Cha rabh sglátaí ar bith ins an áit seo no bhí cocán fá choinne tuighe ar na tighthe agus corr teach bhí líon air.
Bheireadh ar shiubhal na curraigh a bhí ins an áit seo agus bhriseadh i na ngiotaí ar na carraiceacha iad. Bhí fairrge an mhór ann agus gach currach a rabh fasgadh aige ó'n stoirm thug an fhairrge ar shiubhal é.
Bheireadh cuid mhór cruach féir i na luighe i ngach áit. Chaill cuid de na daoine comh h-árd le h-aon cruacha déag de féar agus chaill cuid aca deich gcruacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán O Fhríghil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall