Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 364
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine ag maistriú nuair a thig strainséar isteach thosuigheann seisean ag maistriu fósta. Fósta má thig duine isteach nuair a bheas duine ag maistriu deireadh sé
"Go gcuirfiodh Dia adh ar do chuid oibre."Nuair a bhíonn bean ag maistriú 'sé an dóigh a bhéidh fhios aici go mbíonn an bainne buailte aici na bíonn aici an chlár a bhaint dá'n chuinneóig agus bíonn an t-im ar an bainne agus bíonn uirthi an bainne a bhualadh ar feadh tamaill eile sul a mbíonn sé buailte i gceart aici.Nuair a bhíonn an bainne buailte ag duine gheibheann sí sgála a mbíonn aici fá na coinne agus chaithfidh go mbéidh uisge fuar ins an sgála sul a gcuireann sé an t-im isteach. Bíonn uirthi annsin an t-im a nigheadh go h-an mhaith agus nuair a bhíonn sé sin deánta aici chuireann sí salann ar an im agus caithfidh sí an t-im a nigheadh arís cúpla uaire. Bíonn uirthi annsin an t-uisge a bhaint amach as an im(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall