Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 275
- XML “Taibhsí - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear am amháin i n-Ara Thire darbh ainm Proinnseas Ó Fríghil. Lá amháin gaoithe chuaid sé amach a chur ancoire ar a bhád. Nuair a bhí sé amuigh d'éirigh an ghaoth nios measa agus togadh é féin is a bhád amach go bun na spéire agus ní bhfacaidh an nduine beo é na dhiaidh.
Fa thuairim coigchíos na dhiaidh sin bhí fear as an chomharsan darbh ainm Domhnall Ó Siaidhail ag subhal in dhiaidh na h-oidhche agus casadh fear air. Smaoitigh Domhnall go rabh se cosamhail le Proinnseas agus dubhairt Domhnall "An tú Proinnseas. Thoisigh an bheirt acú chainnt annsin. Shil Domhnall gur Proinnseas a bhí ann ceart go leor agus gur casadh long air an lá sin a caillead é agus go dearn sí tárthal air. Ach chan é a bhí ann ar chor ar bith ach a thaidhbhse.
Cionnus gur labhair Domhnall leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Fríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall