Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 334
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean i Rós Guill dárbh' ainm Nábla Nic Ghiolla Brighde agus cha chreidfeadh sí ins na sidheóga. ...”
Bhí bean i Rós Guill dárbh' ainm Nábla Nic Ghiolla Brighde agus cha chreidfeadh sí ins na sidheóga. Dubhairt sí nach rabh a léithid ann ar chor ar bith, agus dubhairt na daoine eile go raibh.
Oidhche amhain a bhí ag teacht 'na bhaile ó'n tsiopa agus casadh bean choimhightheach uirthí. Cha raibh fios ag an bean seo an bealach go h-áit éigin agus d'iarr sí ar an bhean eile é a thaisbeant díthe. Chuaidh sí arais giota maith leis an stráinnseár agus annsin thionntuigh sí abhaile.Nuair a bhí sí ag teacht fríd portach chaill sí a bhealach. Thuit sí isteach i bpoll agus thoisigh sí a sgairtigh. Nuair nach rabh sí ag teacht abhaile chuaidh na daoine amach le n-a cuartughadh agus chuala siad í. Chuaidh siad go dtí an áit sin acht bhí sí giota maith ar siubhal. Lean siad i mar sin ar feadh tamaill fada(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Nic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Mac Ghiolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94