Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 117
- XML “Laoi in Onóir Cholm Cille a Chum an tAthair J.J. Ó Dómhnaill sa Bhliain 1897”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá clann Chonaill go céimeamhail a's go treanmhar annseo,
Le prionnsa ár d-Teampall 's tighearn' Easboch Rath-Bhoth;
Tabhairt buidheachas gus altughadh do Dhia mhóir gan mhoill
Ar son na grasa do phronn Sé ar NaomNaomh Colum gan amhras a'r gColuman fein,
Rughadh ar an leic seo, tá ceithre cead-deug de bhlían;
Mac Fheidhilimidh 'gus Eithne 'o'n fhuil uasal úd tháll,
Sliocht Chathair Mhór agus Níall na Naoí-nGeall.Sean Cruithneachain dílis chur uisge air a cheann,
'S an ainm na Tríonoid ghlann peacadh na seann;
Gus bhaist an naomh duinn is mó, baisdeadh 'n Eirinn aríamh,
I m[..?]onbhailtigh, i ngrasa 's an éifeachd a gníomh.Ta'n t-iomradh go coithceann gur ar sgoil ag Mugh-Bhil, [?]
A baisdeadh do chéad uair an Cóluman Cill;
No gur Crimhthan budh ainm do sa tír s-aige féin,
Fa Ghartan an dubhghlaise 's fa Chillibh-Mhic-Néin.Nach iomdha sin ait a bhfuil lorg a laimh,
Mullach sleibhteach fuar siontach 'gus gleanntain gan dáimh;
Ar oileán lom uaigneach faoí eug-uaim na d-tonn,
Feuch a chlog-theach trom-loigi[..]t 's a teampoll gan bonn.Bá é a mhían a bheith igcómhnuidhe ag urnighthe no sgríobh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)