Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Casán na nDálach nó Casán Uí Dhómhnaill”
  4. XML “Tobar na nAingeal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar na nAingéal
    Tá an tobar seo tháll i mBaile Chiarragáin Tá na cnuic thart fan tobar seo uilig agus da mbeithea annsin ag dul a sholas bheadh seort eagla ort ag an tobar seo, thairbhe go bhfuil na cnuic thart go h-uaigneach. Is cosamhail do réir na sean-daoine go raibh saghart ag leigheadh an Aifrionn fadó ins an ait in a bhfuil an tobar anois in amannaí na Pionnamhla. Bhí fir ag coimead agus i lár an Aifrionn thainig siad sidirí Sasan ag teacht ag bárr Ailt-na-Peiste. Rith na daoine ach seisear no seachtmhar. Thainic na sidirí agus chuaidh siad thart ag an ait in a raibh an saghart ag léighead an Aifrionn agus ní thiocadh leo gach ar bith a fheiceál. Deirtear gur chuir na h-Aingeal sgath thart ar an t-sagart agus ar na daoine. Tá tobar annsin ó shoin agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)