Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Mo Ghloine Poitín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deir tusa a sglabhuide nach n'ólfaidh tú uisge
    Mar tá sé gan boladh, gan blas nó gan brígh
    Gur fhearr leat an deoch a cuireas daoine ar meisge
    A mhilleas an t-anam 's a bhriseas an croidhe
    Ní h-iongantach liom bagairt na Saoí agus na Sagairt
    Nuair castar leí póiteóir mar thú a Spailpín
    Och a sean peacach liath, bhfuil agat aon Día
    Ach sásad do mhiana an gloinne "Poitín"
    III
    Mó bheannacht go bráth ar shean eorna mó thíre
    Gídh garbh a ceann Ó is milis a súgh
    Go mairfid go deo liom, na póiteoiride fíora
    A' seinm a cáil a's a' moladh a clú
    As doimhneacht ar gcroidhtheadh, seo cuimhne ár righeadh
    Budh ró mhaith gac fear díobh, ag slugadh a bhraoin
    'Gus an séanfaidh an bpór sin, go siorruidhe an déor s[in]
    Seo freagra an fhilid an gloine Poitín
    III F
    Is aibhinn as is aluinn sean eorna do thír.
    Ac creid me tá an diabhail é fhéin ins an súgh
    Is fairsing san domh seo na poitirí fior[a]
    A dfhag sé bocht claoidhte gan cail a's gan cliú
    Glach comhairl [?] aoin fhilidh chuaidh sios leis an tulle
    Nios mó no leath bhealaigh go h-Ifrionn an "braoin"
    Nios gach lá a's gach oidche o'n am seo a choidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Scannlan
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Gharbháin, Co. Dhún na nGall