Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Srath-Ban agus Doire Cuilm Cille. Talamh sleibhe an cuid is mó d'en talamh eile d'en Conndae. Le cois bheith dho oibrighthe, tá an talamh atá i seilbh na Gaedheal gann. Ins na ceanntair cumhanga ag cois na fairrge, ní thiocfadh lena daoine mairstan ar an talam, mur abé an t-airgead a shaothruigthear in Alban agus i Meiriceá agus a chuirtear 'un na bhaile.
Thart fa bhordaí na fairrge bithear ag iasgaireacht. Iasgairí coimthigheacha is mó a gnothuigheas ar sin. Bíonn bádaí agus gleas iasgaireachta níos féarr acú nó bíos ag Gaedhil bochta Thír Chonaill. In aiteacha saotruigeann na mna, a bheagan nó a mhorán airgid ar chleiteáil stocaí etc. agus i gcoir ait tá muileann cleiteála ag obair. Ar an Clochan Liath atá an ceann is mó acu seo. Tá mna Thír Chonaill ainmnighthe ar feabhas a gcuid cleitáile [?] agus is mór an truaigh nach gceannuighthear tuilleadh de na lamh-thoradh in a dtír fein.
Bhíodh muillte ag obair ag deanamh pardog urlár i nGaoth Dobhair, ins na Rosa, agus ins na Cealla Beaga, ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)