Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Bráithre Dhún na nGall”
  4. XML “Urnaithe an Turais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an ait.
    Ag deanamh an Turas duit théid tú síos ar do ghlúnaibh, agus tú costarnacht ag beinn bhig atá ann agus deir tú cuig Paidreacha, cuig Abhe Máire agus an Chre agus gCuimhne Órd Naomh Proinnseis, a chuir an turas ar bun Turas Brigde ainm an turais. Bíonn daoine ghá deanamh gach am d'en bhlían, ach ní bhionn na sloighte le feiceail ann ach fa Fhéil Muire, na Féile Pádraig, agus fa Fheil Muire Mór san Fhóghmar.
    Tosuighthear mar adubhairt mé. Annsin teighthear go tobair Brídghe, agus abair trí paidreacha, trí Abhé Máire agus Cré agus tú ar do ghlúine ag an tobair. Ar a eirigh duit théid tú thart trí uair ar thobair Bhríghde, agus tú ag rádh, trí paidreacha, trí Abhé Máire agus an Cre. Bheir tú a aghaidh ar thobair Mhuire annsin. Déan an rud ceadna annsin mar cosamhail le tobar Bhríghde.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.