Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Scéal - Bréag na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mé i bhfad gur bhris druim an gearainn. Bhí mé go h-olc as bhí mé aríamh. Bhí coill cuillinn ag m'uncall. Chuaidh mé isteach agus bhain mé plannta direach. Chuir mé an barr i dTóin an Gearainn agus chuir mé amach idir a dhá chluas í, agus rinne mé druim úr do'n ghearainn. Thug sé an t-ualach na bhaile go laidir. D'fág mé an gearann ar an slíabh, agus níor amharc mé air go ceann bliadhna in a dhiaidh sin. Chuaidh mé suas go bhfeicinn an raibh sé beó no marbh.
    Chonnaic mé coill cuilinn nuair a thainic me comhgarach, agus go raibh an coill ag siubhail Caidé bhí ann ach an gearann ag ithe féir, gó sásta, agus na crainn ag fás amach fríd a dhruim. Bhí crann amhain ar a dhruim a bhí go h-árd le crann seol. Chonnaic mé nead ar bharr an crainn. Chuaidh mé suas an crann go bhfeicinn caidé bhí thuas ins an neid. Caidé bhí ann ach an cráin muice a chaill m'athair blían roimhe sin.
    Ars an Rí: "Tá tú breagach-ró-bhreagach agus is tú an fear is breige a d'fág Éire aríamh. Arsa Billí: Tá d'inghean bainnte agam. Má tá ars an Rí ní gan bréaga. Posadh Billí agus inghean an Rí agus mhair an bainnis lá agus blían.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)