Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 246
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Trí scór blían ó shoin nuair a d'fhagfadh na fir as Beul-na-Cruidhte ag dul go hAlbain beigean daobhtha siubhail go Doire.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Trí scór blían ó shoin nuair a d'fagfadh na fir as Beul-na-Cruidhte ag dul go h-Albain beigean daobhtha siubhail go Doire sin suas le 70 míle. Gheobadh síad bád annsin le dul go h-Albain. D'fág m'uncal lá amhain ag an trí o'clog sa lá agus an oidhche sin bhí sé ar loistin i dteach bheag ag an Dubh-Chorbh.
Ag am luighe bhí preataí réidh bruighte. Cuireadh amach ar an losoid íad, agus fuair achan dhuine, bamhal bainne Bhí an bamhal ag achan dhuine istoig i gcoirneal a uilinn. San am sin ins na toighthe cor i bheith uilig bhí na cearca ar na steargain ins an chistineach shuas ar an airibh.
Níor chuir duine ar bith iontas ins an rud sin an t-am sin. Nuair abhí m'uncal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)