Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 52](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1095%2FCBES_1095_52.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 52
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 52
- XML “Thall is Abhus Fríd Éirinn - Go Dtí Gleanntaí Aontroma”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór dubh agus piléir i lár baill is iad 'ghá stiuriú 's bhí faitchios orainn go dtógfadh siad droch-amhras dínn [?] inne a' seanchus i nGaedhilg. D'amharc an fear mór orainn bomaite agus ars eisean; "Tchím go bhfuil mo chanamhain a' labhairt agaibh," agus ar feadh leath-uair a' chluig choinnigh sé annsin muid le cómhrádh binn fa teangaidh atá faoi choinneal-bháitiú ag rialtóirí na sé gCondae agus é go bródamhail as bheith ábalta gach eolas a thabhairt dúinn fá'n áit is gan focal de'n ghall-theanga[?] a úsáidiú. San toigh ósta b'in Gaedhlig labhair an bhean linn is ní bheadh se [?] sí sásta gan fear a chur linn [mar?] threoiraidhe chun na h-áiteacha deasa a thabhairt dúinn. Ba sin cuid de muinntearas Gleanna Áirimh againn mar thosach. Tháinig cíoth trom orainn 's sinn ag dreapadóireacht suas thríd a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- P. Mac Ailín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)