Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 53

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1095, Leathanach 53

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 53
  3. XML “Thall is Abhus Fríd Éirinn - Go Dtí Gleanntaí Aontroma”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    coillidh go dtí Eas na Lárach agus Eas na gCrúb 's murar mhéaduigh sin ar dhiamhaireacht agus draoidheacht na h-áite 's ar thuargán na claise níor bain sé de. An sruth 'na chubhar bhán anuas ón bhall beag thuas os ar gcionn 's é a' léimnigh 's a' gluaiseacht go garg-cheolmahr 's go geal-gháirtheach go ndearn sé neimh-nidh de'n chlagarnaigh. Górmhar an radharc é seo astoigh san leath-dhorchadas gan aon ghó. Nuair ghealaigh an spéir arís bhí muid ar bharr an árdáin a' féachaint síos ar an ghleann, na cuibhrinn roinnte 'na dtriantáin 's 'na gceithre-shlisneacha suas ar an da thaobh go mullach agus ar chlár gheal na mara fíche míle amach agus stuadh-cheatha 'na leath-fháinne gleoidhte mar fhráma ar an radharc. Gleann aoibhinn Áirimh. Nár mhéanair bheith ann, in aidhmheoin gach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Mac Ailín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)