Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 145
- XML “Naomh Colm Cille”
- XML “Stocaí na Banríona”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Trí mhíle fear gréigeamhail d’fág dilleachta ‘gol.
Fhad a bhéidheas tuillte n-árd-cnóc na rioth ‘sa “tsean gleann”-
No tonnaidh thréan thóraigh a’ greadadh na mbeann-
No aingle geal dhoire ag eiteall ar neamh-
No éisg lughmhar loch Ghartan go méidhreach ‘s tsrúth-
Béidh cuimhne ar an lá seo ‘s na bliadhanta le teacht
Ag uachtran na nam sin a’s an mbéidh faoi na smacht
‘S ní chríonfaidh, ‘s ní siuolfaidh ‘s ní rachfaidh ar moill
Bród-beannuighthe Chloinn Chonaill as Naomh Colmcille.
A Naomh neartmhar ar talamh, as níos cumachtaighe ar neamh,
Dearc annas ar an chruinniughadh seo i nGartan indiú;
Gus fágh duinnse tá díbheartha i ngleann seo na ndeor
Bhéith leatsa go siorruidhe ‘ móladh Dia annsa Ghlóir. - Stócaí na Bánrioghna.(1) A Rí chaidé’n t-atharrá a tchim anns an áit seo
(2) Ó stadmuid de’n cháirdeal de’n bhriseadh, as de’n t-síomh?
(3) Níl tachran no paiste ‘bhfuil tógáil a lámh ann
(4) Na bhfuil gcouidan báinrioghna crochtha ar a thaobh.
(5) Ar m’fírine bfearr líom da mbíonn marna nua sin.
(6) bheith ag briseadh ‘s ag caireal ó maidín go faoí.
(7) Na an maoidheamh atá ag Maghnús go gcouinighthear an suáith uadh.
(8) As ag iarraidh bhéith dá sásain í ndeireadh a saoghail.
(9) Tabhair scéala ionnor Mhach Phaidín agus minigh ancás dó.
(10) Gan chlaonadh, gan áidhbhéil acht mar tá mé dá cuir síos.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall