School: Druim Caoin

Location:
Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seán A. Ó hArthaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1101, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim Caoin
  2. XML Page 154
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann am amháin agus bhí triur mhac aige. Ní rabh fhios aige cadé dhéanfadh sé leóbhtha.

    Scéal.
    Bhí fear ann am amháin agus bhí triúr mhac aige. Ní rabh fhios aige caidé dheánfadh sé leóbhtha. Ní rabh ann a chuid talaimh acht ceithre míle dhéag. Níor mhaith leis duine ar bith aca a bheith fa sheacht mhíle de na chéile. Fuair sé ionnsar fear dhall a bhí ar an bhaile a dh'iarraidh comhairle air. D'iarr sé broígite fainne is leabhar. Scáirt sé isteach ortha 'reír duine as duine. D'fhág sé na trí rudaí ar an tabla. Scairt sé ar an fhear a ba shine. Thóg sé an bróigite. Scáirt sé ar an dara fear. Thóg sé an fainne. Scáirt sé ar an tríomhadh fear: thóg sé an leabhar. Fuair sé ionnsar a' dall. D'innis sé dhó cé'n fear a thóg an leabhar. D'iarr sé a shaith de'n leabhar a thabhairt dó. Nuair a bhí oiread léighinn aige as bhí an maighistear ábalta thabhairt dó d'iarr an dall air capall gorm a bhí aige nach rabh amuigh le seacht mbliadna a thabhairt amach go dtabhradh sé deoch duithe, as go muitheochadh sí fad a shean-acla (?). D'imthigh an capall annsin. Ghread sí leithe go dtí go dteachaidh sí go dtí coillidh. Stad an capall annsin as ní rachadh sí ní bhfuide. Tháinic sé anuas duithe annsin. Thug sí a'n léim amháin as d'fhág sí an sraín in a láimh. D'imthigh sí, agus annsin fuair seisean isteach san choillidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Seán A. Ó hArthaighe
    Gender
    Male
    Address
    Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall