School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 230
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thiocfeadh liom an mála a iomchur." "Tabhair leat an capall as an stabla agus iomchurfaidh an capall tú féin agus an mála" ar sise.
Chuaidh sé isteach sa stable, chuir sé sréin agus diallaid ar an chapall agus chuaidh sé a marcaidheacht. Chuir sé a mhala ar thioseach na diallaide agus dimthigh leis as go brathach agus amach an cnoc.
Nuair a tháinig Murchadh na bhaile on mhargadh dinnis bean a toighe do caide tharluigh agus bhí Murchadh cointinneach roimh re bhí sé dhá uair ní ba mheasa annsin. Beigann dó dhul go teach na cómhursana agus iasacht capaill a fhaghaill agus imtheacht ar steallaí cosa in airde in dhiaidh an cleasaidhe.
Nuair a chuala an cleasaidhe an trup na dhiaidh chuaidh sé isteach i gcoillidh a bhi ar chois an bhealaigh mhóir. Cheangail sé an capall dé chrann, tháinig sé amach as an choillidh agus luighe sé ar chúl a chill i lár an bhealaigh mhóra agus é ag amharc in n-airde sa spéir.
Níor bhfada go dtainic Murchadh go dtí an áit. Sheasuigh sé agus d'fhiafruigh sé dó caidé bhí sé a dheanamh na luighe annsin ins an chasan aige san. "Bhí mé ag coimhead ar an iongandas a ba mhó a chonnaic mé ariamh" ars an cleasaidhe.(continues on next page)- Collector
- Máire Níc Pháidin
- Gender
- Female
- Informant
- Seamus Mac Pháidin
- Gender
- Male