Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Fuair Tomás Ó Domhnaill, sgoláire den sgoil seo ó a mhathair mhór - an piosa seo)Bhí Ministir ann fadó. Phós se caitiliceac agus rugadh mac óg dhó. Nuair a bhi an mac naoi no deich de bhliadhanta bhí sé crosta go leor. D'fhas sé suas agus lá da raibh a mhathair dá nighe féin fuair a mac a sgabál (scapular) a bhí leagtha tairsti aici agus chuir sé air é. Nuair a d'íarr sí air é, ní thiúbhradh sé dhí é. “Muise” arsa sí. “Béidh dinnéar mór ag d'athair i mbárach agus má bhionn an sgabál ort ní thig leat cuid d'en dinnéar a ithe.” “Is cuma liom” ars an gasúr. Rachaidh mé a codhladh fhad is a bhéas an dinnéar dhá chaitheamh.
Lá thar na bhárach chuaidh se a chodhladh agus shín Dia leis go bhfuair sé bás. Cuireadh ós cionn chláir é agus socruigheadh é, agus nuair a bhí na daoine ag dul abhaile, thoisigh sé ag eirighe ó mharbhaidh agus dubhairt sé
Fánaidh Fanaidh go n-innisigidh mé sgéal díobh
Go céard íad na trí nidh
Is mo a bhfuil peacadh in a ndéanamh
Marbhadh, neamh-geallamhaint agus bréaga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Mháille
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 98
- Seoladh
- An Dumhach Bheag, Co. Mhaigh Eo