Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Taobh thall d'en bhfairrge, tá mo run agus mo chéad grádh,
Agus bhfearr liom sgéal ón mbaile thuaidh,
Mar is ann atá an ainnir, a leagadh mo ghéagaí
Agus d'fhagadh mise gan neart ná cruadhas.
II
Ní gadh 'sa seanchas ná fath dá dhéanamh
Ach suid fa réir mise le dul 'san uaigh,
A' dhéanamh mise mo sheanchas (le) a cur ingéill dhuit-se,
Muire dá bhféadainn-se dul chugat ar cuairt.III
Ar bhruach an loch' tá na bric a' léimnigh
Mar is ann a chomhnuigheas mo chéad grádh agus rún mo chroidhe,
Mara a bhfuighidh mise mo ghradh geal le feiceál
Bhéinn go brónach agus ar bheagán chroidhe.- Bailitheoir
- Máire Eilís Nic Einrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muirbheach, Co. Mhaigh Eo