Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 169
- XML “An Leasmháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An leas-mathair
Bhí fear ann uair amhain agus phós sé bean agus bhí clann aca-mac agus inghean. Chailleadh an bhean agus phós sé bean eile. Bhí an leas-mathair iongantach olc do na páisde.
Bhíodh an t-atair amuigh ag obair gach lá, agus théigheadh an inghean go dtí uaigh a mathar gach lá - ag guidhe.
Bhí cófra mor ublaí ag an leas-mhathair agus bhiodh an gasúr ag íarraidh ubhlaí uirrí gach lá.
An lá seo ní raibh duine ar bith 'sa teach ach an leas-mathair agus an gasúr. Dubhairt sí leis an cromadh isteach 'san cófra agus ubhall a thogáil amach.
Nuair a fuair sí a chloigeann istigh, bhain sí dhó é leis an gclár mór íarrain a bhí ar an mbosca. Thug sí leithí an corp, agus agus chuir sí é fa bhun chrainn.
Ag teacht abhaile don athair, bhí sé ag íarraidh an mac thart i ngach áit é fein agus an inghean, ac, ní fhéadfaidís aon tuairisg d'fhágail ar an gasúr.
Gach lá a mbiodh an t-athair ag dul ag obair, d'feiceadh sé an spideóg ar an gcrann ar(leanann ar an chéad leathanach eile)