Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol Raithnighe
- XML Leathanach 173
- XML “An Amaideacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gairdín.
Nuair a bhí an fear imighthe, thug sí léithí gach greim de'n fheol agus d'fhág sí greim ar gach crann cabáiste a bhí 'san gairdín.
Bhí gach mada 'san áit cruinnighthe thart 'san ngairdín ag ithe na feola.
Bhí an fear ar mire nuair a tháinig sé o'n a cuid oibre agus dubhairt sé caithfidh an doras a dhruideadh agus imteacht leo.
D'imthigh seisean i dtoiseach agus dubhairt sé léithí an doras a tharraint amach in a dhiaidh. Theig sí an doras ar a druim léithí, agus d'imthigh sí léithí in a dhiaidh a fear. Nuair a chuala seisean an míle murdar ag teacht in a dhiaidh sheas sé.
Tháinigeadar go cor na coilleadh agus bhí teine mór iongantach 'san choill agus potaí móra ag bruith air. Bhí neart feola ins na potaí agus d'ith an bheirt aca neart de'n feol. Cuadar suas ar chrann agus tháinig go leor robáilí le h-aghaidh a ndinnéir.
Nuair a d'itheadar an dinnéar, d'imthigheadar leo agus d'fhag siad sean-fear amhain in a n-dhiaidh. Tháinig an fear agus an bhean anuas de'n crann agus dubhairt an bhean leis an sean-fhear "nach fada atá an feasóg sin ort". "Ó is fada, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)