Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: S. Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 160
- XML “Tomhais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Tomhais
“Mo ghiolla beag caol, Na luighe ag an tobar...”
Mo ghiolla beag caol
Na luighe ag an tobar
Tá an cheann cruaidh maol
Maol leis an tobar
Ní itheann sé arán
Is ní ólann sé bainne
Ní dhéanann sé tada
Is cuma cé'n obair
Go gcuirim a cheann
I bhfad síos sa tóbar
(Peann)
Chuaidh mé suas an bóithrín
Casadh mo mham dom
Bhí srón iarainn uirri
Agus méaracha airgid
A's cuirfeadh sí ruaig
Ar na préacháin
(Gunna)
An té a léigheann leabhar
Is nach mbaineann as aon meabhar
Sin ball-odhair.
Dá bhuin bhána
Ar thaobh an cnuic
Ceann sa ló
Agus ceann san oidhche.
(Grian agus gealach)