Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-am a bhí an téirghe amach sa bhliain 1876 chuaigh gach fear óg as Baile an Róba agus Cill Mheáin isteach sna Fianna. An t-am seo bhí siad ag troid i gcoinne na Sasanaigh, mar bhí siad dhá chur na daoine bochta amach as a seilbh agus na feilmeacha a bhaint díobh freisin. Do thabharfadh siad na feilmeacha ansin do na daoine uaisle. Ní raibh aon airgead ag na Fianna ach an oiread. Aon airgead a bhí acu, do thabharfadh siad é óna daoine bochta é.
Deirtear go raibh pota óir ag na Fianna. Do chuir siad i bhfolach é, i bpáirc in aice le Cill Mheáin Is é an fáth gur chuir siad i bhfolach é ná, go raibh fhios ag na Sasanaigh go raibh an pota óir sin acu. Do chur siad i bhfolach é, agus ní raibh na Sasanaigh in ann é a fhágáil.
Deirtear gur mharaíodh na daoine do chur i bhfolach é. Ní raibh aon duine in ann an pota óir sin a fhágáil riamh ó shin.- Faisnéiseoir
- Mrs T. Glynn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo