Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I n-áit ar a d-tugtar Baile Glas tá páirc bheag ghlas cosamhail le páirceanna eile. Tá coirnéal amháin 'sa b-páirc seo agus tá rud iongantach ann. Tá dhá sgeach ag fás ós cionnn an corcáin agus tá eagla an domhain ar gach duine dul ag cuardughadh an óir. An fear gur leis an páirc chuaidh sé ar lorg an óir . Acht nuair a shágh se an láighe sa d-talamh do chuala sé torann mar slabhra ag bualadh i g-coinnibh a chéile agus neomead i n-a dhiaid sin chonnaic sé choileach franncac mór i na seasamh i n-aice leis. Is beag nár thuit sé i laige le neart faitchis. Theith sé le n-anam agus ní dearnaidh sé iarracht an t-ór d'fháil as san amach.
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluainín Ceara, Co. Mhaigh Eo